Jump to content

Baldassare Tommaso Peruzzi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBaldassare Tommaso Peruzzi

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Márta 1481
Siena Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Eanáir 1536
54 bliana d'aois
an Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaAn Paintéón Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePéintéireacht
Suíomh oibre An Róimh (1530 (Féilire Ghréagóra)–1536 (Féilire Ghréagóra))
Siena (1527 (Féilire Ghréagóra)–1535 (Féilire Ghréagóra))
Bologna (1521 (Féilire Ghréagóra)–1523 (Féilire Ghréagóra))
An Róimh (1503 (Féilire Ghréagóra)–1527 (Féilire Ghréagóra))
Siena (1501 (Féilire Ghréagóra)–1503 (Féilire Ghréagóra)) Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpéintéir, greanadóir, ailtire, dearthóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1501 (Féilire Ghréagóra) –  1536 (Féilire Ghréagóra)
GluaiseachtAn tArd-Renaissance
TeangachaAn Iodáilis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáisteGiovanni Sallustio Peruzzi Cuir in eagar ar Wikidata

Ailtire agus péintéir Iodálach ba ea Baldassare Tommaso Peruzzi (7 Márta 1481 – 6 Eanáir 1536), a rugadh i mbaile beag láimh le Siena agus a fuair bás sa Róimh. Leis na blianta fada d’oibrigh sé le Donato Bramante agus le Raphael, agus níos déanaí le Antonio da Sangallo Óg nuair a bhí Baisleac nua Pheadair á tógáil.

Tar éis Chreach na Róimhe (1527) d’fhill sé ar Siena, mar a bhfuair sé post mar ailtire na Poblachta. Dhaingnigh sé an chathair agus dhear damba suntasach le haghaidh Abhainn an Bruna (nár tógadh riamh). Bhí sé ar ais sa Róimh faoi 1535.

Rinne sé roinnt freascónna sa Cappella San Giovanni (Séipéal Eoin Bhaiste) sa Duoma i Siena.

Bhí a mhac Giovanni Sallustio Peruzzi ina ailtire freisin.

Villa Farnesina

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireann an chuid is mó de chriticeoirí ealaíne dearadh na Villa Chigi (Villa Farnesina) i leith Peruzzi. Eisean a rinne bunús na bhfreascónna istigh; orthu sin tá an maisiú atá le fáil sa Sala delle Prospettiva (Seomra na Peirspictíochta), maisiú a chuireann in iúl go bhfuil tú i do sheasamh ar léibheann amuigh. Ar éigean atá aon rian fágtha dá shaothar ar éadan an tí, ach rinne ealaíontóir Francach gan ainm cóip de.[1] [2] Curtha i gcartlann 2005-10-26 ar an Wayback Machine

Rinne sé síleáil mhósáiceach do Santa Croce in Gerusalemme sa Róimh agus saothair eile do Sant'Onofrio sa Róimh agus do San Pietro in Montorio. Tá Muire le Naoimh leis le fáil S. Maria della Pace sa Róimh agus freascó dar teideal Ágastas agus an tSibille Thibirtíneach in Santa Maria in Portico a Fontegiusta in Siena. Thugadh sé dearaí do cheardaithe. B’aoibhinn leis an líníocht agus bhí cáil ar na pictiúir a rinne sé d’fhoirgnimh ársa, mar atá le feiceáil i mBainis Mhisteach Naomh Caitríona (1502–1503).[1]

Eisean a dhear an Palazzo Massimo alle Colonne (1535), pálás a bhfuil éadan cuar air agus atá saibhir istigh ó thaobh na hailtireachta de.

Scríobh sé cuid mhaith den ábhar in I sette libri dell'architettura (Seacht Leabhar na hAiltireachta), saothar a d’fhoilsigh a dhalta Sebastiano Serlio ina ghálaí tar éis bhás Peruzzi.

Tá ábhar san alt seo a tarraingíodh as foilseachán atá san fhearann poiblí anois: Herbermann, Charles, eag. (1913). Catholic Encyclopedia. Robert Appleton Company.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]